Gaeilge
Fáilte go dtí Óstán na Sceilge i nDaingean Uí Chúis, suite ar an leithinis is faide siar san Eoraip agus i gceann de na ceantracha is áille ar domhan.
Is minic Corca Dhuibhne ina chuid riachtanach de phleananna taistil, agus tá sé ar cheann de na deich gceantar is fearr in Éirinn le haghaidh grianghraf Instagram, agus é luaite ag an National Geographic mar ‘an áit is áille ar domhan’.
Téann an t-óstán féin siar go dtí 1969 mar an chéad óstán Gaeltachta a tógadh faoi pholasaí nua de chuid Roinn na Gaeltachta, a tugadh isteach le turasóireacht a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta.
A luaithe agus a bhainfidh tú Óstán na Sceilge i nDaingean Uí Chúis amach cuirfidh ár bhfoireann chairdiúil fáilte romhat, foireann ina bhfuil baill sheanbhunaithe, a n-aithneoidh tú a n-aghaidheanna ó bhreis agus cúig bliana is fiche de sheirbhís, agus baill foirne nua a tháinig ag obair agus le cur fúthu i nDaingean Uí Chúis ó cheithre chearn an domhain.
Cuirfidh gach uile bhall dár bhfoireann fáilte romhat agus cuirfidh siad ar do chompord thú. Táimid mórálach as an gcúram agus as an dea-bhéas a chuirimid ar fáil dár gcuairteoirí, mar sin ar feadh do chuid ama anseo beidh ár bhfoireann an-sásta aon cheist atá agat a fhreagairt lena chinntiú go mbeidh do chuairt linn chomh suaimhneach agus chomh taitneamhach agus is féidir.
Anuas air sin, tá lúcháir orainn cabhrú leat maidir lena bhfuil le feiceáil agus le déanamh sa cheantar le leideanna ón taobh istigh, le cabhrú leat an leas is fearr a bhaint as do chuid ama anseo i nDaingean Uí Chúis. Is cuma má tá tú ar cuairt den chéad uair nó más duine dár n-aíonna rialta thú, táimid ag súil go mór leat do shuaimhneas a ghlacadh linn i gCorca Dhuibhne.
Más mian leat labhairt le ball dár bhfoireann i nGaeilge abair linn le do thoil. Táimid an-bhródúil as tacaíocht a thabhairt d’úsáid laethúil na Gaeilge nuair is féidir, agus tá Gradam Gnó le Gaeilge againn as ár seirbhísí Gaeilge trí Ghaeilge.